29/03/2014

Seanfhocail Ar An Satharn - #3 - 29ú Márta 2014

Is trom an t-ualach an leisce.

Miniú Béarla: Laziness is a heavy load.

Cur Síos: Tá an cheann seo ag rá go dtógann sé níos mó iarracht a bheith leisciúil. Tá sé ag rá freisin nach fiú é.

Ní fhaigheann lámh iata ach dorn dúnta.

Miniú Béarla: A closed hand gets only a clenched fist.

Cur Síos: An teachtaireacht - bí oscailte agus deas le gach duine. Muna bhíonn, beidh siad mar an gcéanna leatsa

Galar fada níor inis ariamh bréag.

Miniú Béarla: A lasting disease never told a lie.

Cur Síos: Tá an cheann seo ag rá nach bréag iad rudaí a thárlaíonn dúinn sa tsaol - tá galar uafásach, ach ar a laghad, ní bheidh sé ag rá aon bréaga leat

D'fhir cogaidh comhaltar síocháin.

Miniú Béarla: Towards men of war vouch peace.

Cur Síos: Tá an cheann seo ag rá chun dul chuig na daoine atá ag cruthú fadhb más mion leat é a stopadh

Ná tabhair cúl ar comhairle do leasa.

Miniú Béarla: Don't turn your back on good advice.

Cur Síos: Tá an cheann seo saghas soléir, nach bhfuil?! Má thugtar comhairle maith duit, tá fáth gur thugadar é duit!

22/03/2014

Seanfhocail ar an Satharn - #2 - 22ú Márta 2014

Is fearr rith maith ná droch sheasamh.

Miniú Béarla: Better a good retreat than a bad stand.

Cur Síos: Tá sé ag rá go bhfuil sé tabhachtach aitheant nuair atá cogadh de shaghas éigin caillte agat, agus bog ar aghaidh, gan tú fhéin a chailliúint faoi rud bheag.

Níl sa saol seo ach ceo is ní bheimíd beo ach seal beag gearr.


Miniú Béarla: It's a misty old world and we are only in it for a short, sharp while.

Cur Síos: Go bunúsach - bain taithneamh as an tsaoil!

Is túisce a thiteann oíche Fómhair ná cloch í bpoll móna.

Miniú Béarla: An Autumn night falls faster than a rock in a boghole.

Cur Síos: Thagann an oíche sa Fomhair i bhfad níos tapúla ná mar a cheapfadh. An miniú a bhfaighim as ná tagann rudaí nach bhfuil tú reidh do i bhfad níos tapúla!

'Cad a dhéanfadh mac an chait, ach luch a mharú !

Miniú Béarla: What would the son of the cat do but kill mice

Cur Síos: Déireann an ceann seo go mbíonn daoine cosúil lena tuismitheoirí go mhinic. Nach titeann an úl i bhfad ón gcrann, mar a deirfá as Béarla!

Dá mbeadh cuinneog ag an gcat, ba mhinic a phus féin inti.

Miniú Béarla: If the cat had a churn, it's often his own face would be in it.

Cur Síos: Go bunúsach, ná nascaigh d'obair le do fháilleachtaí (ná díol alcól más alcólaí thú srl.).

15/03/2014

Seanfhocail Ar An Satharn! - #1 - 15ú Márta 2014

Creidmheas: An Mhúinteoir.ie

1. Is éasca caint ná coisíocht.

Miniú Béarla: Easier talking than doing.

Cur Síos: Deireann an seanfhocal seo go búnúsach go bhfuil sé i bhfad níos éasca a bheith ag caint faoi rud seachas a bheith ag déanamh é. Is saghas masla é dóibhsiúd a bhíonn tuairimí iontacha acu ó bhéil, ach nach bhfuil sásta rudaí a dhéanamh chun iad a chur i gcríoch.


2. Pós bean aniar agus pósfaidh tú thiar.

Míniú Béarla: Marry a woman from the west and you marry the west.
Cur Síos: Is saghas rabhadh é an cheann seo! Tá sé ag rá go mbíonn ort marachtáil le gach cinne a dhéanann tú; go háirithe cinne pósadh! Tá sé ag rá leat freisin go bhfuil an tsaol i bhfad níos casta uaireanta ná mar a cheapfadh, agus go bhfuil nithe eagsúla a thagann le roinnt cinní a dheanann tú nach bhfuil soléir agus tú a dhéanamh iad!

3. Ná biodh tús acharainn agat ná deireadh scéil.

Miniú Béarla: Don't start a quarrel or end a story.
Cur Síos: Dhá píosaí comhairle anseo. An fáth go bhfuil siad le chéile (measaim!) ná nach fiú an beirt acu. Níl aon gá  "acharainn" nó troid a thosú, mar is cur amú ama iontach é. Tá an túdar ag rá freisin gur cur amú ama é freisin a bheith ag críochnú scéaltaí, mar mhaireann siad chomh fhada sinn. Go bunúsach, ná bac rudaí a dhéanamh atá ach ag cur amú ama a lán am!

4. Tús maith leath na hoibre.

Miniú Béarla: A good start is half the work
Cur Síos: Tá an ceann seo ag rá díreach go bhfuil tús maith an-thabhachtach i pé rud a mbíonn tú ag déanamh. Tá an cheann seo ag rá freisin gurbh é uaireanta an rud is deacaire faoi rud ná é a thosú!

5. I dtír na ndall, is rí fear na leathshúile.

Miniú Béarla: In the land of the blind, the one eyed man is king.

Cur Síos: Is saghas comhairle don saol é seo, ach tá cúpla brí le thógaint amach as. Ar an chéád dul síos, tá an seanfhocal ag rá go bhfuil ligeachtaí againn go léir; is iad buntáistí daoine, ní na ligeachtaí a dhéanann an difríocht sa tsaol. Tá sé ag rá freisin nach stopann ár ligeachtaí muid, agus is féidir linn rudaí iontacha a dhéanamh leo. Tá sé ag rá freisin go mbéidir nach bhfuil duine go hiontach ag rud éigean ar léibhéal ginearálta, ach is é an "easc mór" nuair atá sé sa bhaile. Mar shampla, d'fheadfadh leaid éigin a bheith uafásach ag sacar sa Príomhsraith, ach an imreoir is fearr riamh ina bhaile fhéin, mar ní fhaca siad éinne níos fearr.




13/03/2014

Foireann Rugbaí na hÉireann Ainmnithe Don Fhrainc

Tá Joe Schmidt taréis athrú amháin a dhéanamh ar fhoireann na hÉireann don cluiche cinniúinach i gcoinne fhoireann na Fhraince.

Tá Peter O'Mahony ar ais san fhoireann taréis a bheith gortaithe, in áit Iain Henderson, atá ar an mbínse. Níl aon áit sa 22 do Rhys Ruddock nó Paddy Jackson; beidh Ian Madigan ag cludú Jonathon Sexton in ionad Jackson.


Creidmheas: Flickr

Tá Éire ar tí an teideal a bhúchaint, agus gheobhaidh siad an teideal má bhúann siad ar an Fhrainc agus muna bhfuil Sasana in ann an bearna pointí a laghdú i gcoinne an Iodáíl. Tá an bearna pointí 49 pointí idir na foirne.Tá deis beag ag an Fhrainc an teideal a bhúchaint má bhuann siad, ach tá siad 29 pointí taobh thiar do Sasana, agus beidh orthú bua ollmhór a bhaint amach má tá siad ag iarradh an teideal a bhúchaint.

Beidh an cluiche ag tosú ag 17:00 (5 i.n), agus beidh sé a thaispeáint ar RTÉ 2 agus ar an raideo ar RTÉ Raideo a hAon.



Éire: R Kearney (Laighin); A Trimble (Uladh), B O'Driscoll (Laighin), G D'Arcy (Laighin), D Kearney (Laighin); J Sexton (Racing Metro 92), C Murray (Mumhan); C Healy (Laighin), R Best (Uladh), M Ross (Laighin); D Toner (Laighin), P O'Connell (Mumhan); P O'Mahony (Mumhan), C Henry (Uladh), J Heaslip (Laighin).
Fir Ionad: S Cronin (Laighin), J McGrath (Laighin), M Moore (Laighin), I Henderson (Uladh), J Murphy (Laighin), E Reddan (Laighin), I Madigan (Laighin), F McFadden (Laighin)

12/03/2014

Cosc Ar Stailc SIPTU Ón Árd-Chúirt

Tá an Árd-Chúirt taréis cosc a chur ar stailc SIPTU, a bhí chun tarlú ar an Aoine sna haerfórtaí móra.

Bhí an stailc chun na céadta eitlealt a stopadh i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, agus sa tSionnan. Bhí sé chun a bheith ceithre uair i bhfad.

Creidmheas: Flickr

Bhí Ryanair agus an DAA (Udarás Aerfort Baile Átha Cliath) ag tógaint an urghaire (injunction)

Dúirt an beirt go mbeadh na milliúnta caillte acu dá rachadh an stailc ar aghaidh. Dúirt SIPTU go raibh sé a cheart stailc a chuir i bhfeidhm.


Laura Whitmore agus Simon Delaney Mar Óstaí Na hIFTAs

Tá RTÉ taréis Laura Whitmore agus Simon Delaney a ainmniú mar óstaí do na hIFTAs.

Tá Whitmore taréis cúig bhliain a caitheamh ag obair le MTV, agus is as Bré ó dhúchais í. Tá sí ach fiche-hocht bhliain d'aois.

Laura Whitmore. Creidmheas: Cian Ginty (Flickr)

Is aisteoir é Simon Delaney, agus bhí rólanna aige ar "The Good Wife" i Meiriceá agus "Bachelors Walk" sa bhaile, i measc rudaí eile. Tá sé taréis a bheith mar óstaí cheana féin.

Beidh na hIFTAí ar siúl ar an Satharn 5ú Aibreáin ar RTÉ1 ag 9:30i.n.

11/03/2014

Pionós Ollmhór Do Alan Pardew

Tá an Cumann Sacar i Sasana taréis cosc seacht cluichí a thabhairt do bainisteoir Newcastle Aontaithe Alan Pardew, taréis eachtra idir é féin agus David Meyler as Cathair Hull.

Thug Pardew buile leis a cheann do Meyler san áit teicniúil in aice le imeall na páirce le linn an teachtra

Creidmheas: Flickr

Beidh air trí cluichí de sin a chaitheamh lasmuigh den staid, agus ní bheidh sé ceadaithe ar an dtaobhlíne arís go dtí deireadh mí Aibreáin. Gearrach fíneál £60,000 air freisin (timpeall €75,000).

Is é an píonóis is daonna riamh ar bainisteoir sa Phríomhsraith, agus an cheann is daonna sa chéad roinn ó 1989, nuair a gearradh píonóis ollmhór ar Brian Clough nuair a thug sé dorn do cheann do na lucht leanúna a thánaig ar an bpáirc.

Christina Buckley Caillithe Ag 67

Tá an feachtasóir agus íospártach mí-usáid institiúid Christina Buckley taréis bás a fháil inniu. Bhí sé seasca-seacht bhliain d'aois.

Cailleach í i mBaile Átha Cliath inniu í, taréis tamall gearr san ospidéal. Mhairfinn a fhear chéile Dónal agus a trí pháistí Darragh, Conor, agus Cliona.

Creidmheas: irishsalem.com

Bhí sí mar príomhábhar an clár teilifíse "My Dear Daughter" (Mo iníon, a stór) i 1996, clár faisnéise drámatiúil a léirigh a shaol sa dílleachtlann "Goldenbridge",a bhí á rith ag Siúiracha na Trócaire.

Bhí sí go forleathan ag iarradh airgead agus leithscéal a fháil ón Rialtas da bhárr gach rud a thárla do pháistí a bhí sna hinstitiúdí seo, agus bhí ómós á fháil aicí inniu ó gach taobh den córas polatíócht, ó cairde, agus ó íospártaí eile a thug sí cabhair do.

10/03/2014

Níl Ó Sé Ag Teacht Ar Ais

Ní bheidh Tomás Ó Sé ag teacht ar ais chuig fhoireann Ciarraí, a dúirt sé in eagallamh le "Sraith Ar An Domhnach" ar RTÉ.

Dúirt an réalt ón nGaeltacht go mbeadh sé ag smaoineamh faoi má thánaig gortú Cooper roimh a dúirt sé go póiblí agus le bainisteoir Eamonn Fitzmaurice go raibh sé ag éirí as, ach go bhfuil sé sásta fanacht éirithe as anois.

Creidmheas: Flickr

Tá Tomás ag obair mar múinteoir i gCorcaigh, agus tá sé ar fhoireann Chiarraí ó 1997, nuair a bhfuair siad an cheann is fearr ar Maigh Eo sa cluiche ceannais, breis is sé bhliain déag ar fhoireann Chiarraí. Tá sé 35 bhliain d'aois.

Tá naonar as an cúig déag don fhoireann a thosaigh nuair a bhuaigh Ciarraí Craobh na hÉireann i Méan Fomhair 2009 taréis éirí as ó shin.

Tá Ciarraí iad fhéin sa 6ú áit as 8 i Roinn 1 don Sraith Peile, le trí cluichí caillte acu as ceathar, ach le bua mór an deireadh seachtain seo chughainn acu i gcoinne Tír Eoghain. Tá trí cluiche fághta acu chun a áit a choiméad i Roinn 1; ina measc cluiche mór i gcoinne a comharsain béaldorais Corcaigh.

Frank Flannery Imithe As Rehab Agus Fine Gael

Tá Frank Flannery taréis a phostanna mar ball do bhórd Rehab agus Stiúrthóir Toghcháin i Fine Gael a fhágaint.

Dúirt sé go raibh a ról sa bhórd ag cur iad trí conspóid polatiúil.

Frank Flannery (ar clé) ag ócáid in Ambasáid na Breataine i 2010. Creidmheas: britishembassyireland (Flickr)

Seasann sé síos ón phost i measc conspóid faoi a ról ar an mbord, agus íocaíocht a bhfuair sé chun stocaireacht a dhéanamh ar an rialtas ar son "Rehab"

Bhí An tUasal Flannery mar pháirt lárnach do Fine Gael le bliainta. Ní raibh sé ag fáil aon íocaíocht don phost mar stiúirthóir.

Bhí Rehab faoi scrúdú ag an gCoiste Airgeadais Póiblí um sheachtaine, agus tá siad fós ag lorg rátaí pá agus bónais do baill foirne sinsir taréís a cheistiú ar Angela Kerins, príomhoifigeach an comhlacht.

Na gCoimisinéirí Ioncaim Ag Féachaint Ar Luachanna Tí

Tá na gCoimisinéirí Ioncaim ag féachaint go géar air luachanna tí faoi láthair, agus é ag lorg daoine nach íoc an costas ceart don cáin réadmhaoin.

Beidh siad ag usáid córas Mapaí Google chun oibriú amach áiteanna chun teachanna a aitheant a bhfuil an luach fógartha acu i bhfad níos ísle ná a gcomharsanna.

Creidmheas: infomatique (Flickr)

Ní bheidh aon ceadúnas ag lucht an phobail na mapaí seo a fheiscint; ach amháin na gComisinéirí Ioncaim. Beidh luachanna na tithe, uimhireacha aitheantais, ainmneacha, agus sonraí faoi siúd nár íoc an cáin teaghlach, agus an cáin réadmhaoin.

Beidh siad ag scríobh chuig daoine nach chur luach ceart ar a dtithe an mhí seo chughainn.

Mary Fitzpatrick Ag Lorg 50% Mná Sna Comhairlí Chontae Mar Dlí

Tá Mary Fitzgerald (Fianna Fáil) ag lorg go mbeadh 50% de na suíochán sa toghcháin áitiúil cuirte ar leath-thaobh do na mná.

Dúirt an bean nach raibh an cuóta 30% d'iarrthóirí don olltoghcháin maith go leor ach oiread, gur ach clúdach a bhí ann.

Creidmheas: Fianna Fáil

Dúirt sí gurbh í na toghcháin áitiúil a thosaíonn daoine ag dul isteach i bpolatíocht, agus go raibh siad an-tabhachtach chun líon na mná i bpolatíócht a méadú.

Níor dúirt Fitzpatrick tada faoi rogha na daoine, agus an iarrthóir is fearr a phiocadh, gan tagairt ar a ninscne.

Níor dúirt sí tada faoi líon na dúshlánacha a bhíonn ag fir agus iad ag lorg postanna már féidhlí leanaí, rúnaithe, agus freastálaithe, í ach ag diriú ar gairm a fhostaíonn níos lú ná 0.03% den daonra.

09/03/2014

Phil Prendergast Ag Rith Don Lucht Oibre I Éire Theas

Bhí Phil Prendergast roghnaithe inniu mar iarrthóir an Lucht Oibre i Éire Theas don todhchán Parlaimint na hEorpa atá ag tarlú ar an 23ú Bealtaine.

Is í an t-aon iarrthóir atá ag an Lucht Oibre in Éire Theas ag lorg suíochán FPE.

Creidmheas: Flickr

Dúirt Eamon Gilmore i gCorcaigh inniu nach raibh sí mar "stráinséir" agus í ag troid ar son na rudaí a "chreideann sí faoi".

Dúirt sé go raibh postanna "ar bhárr a gclár oibre" agus go raibh sí taréis eacht a dhéanamh ar son ceartanna daonna dóibh siúd sa lucht homognéasach, agus do sabháltacht othair.

Brian Crowley agus Kieran Hartley Roghnaithe Mar Iarrthóirí Eorpach Fianna Fáil Do Éire Theas

Bhí Brian Crowley agus Kieran Hartley roghnaithe mar iarrthóirí Eorpach d'Fhianna Fáil do Éire Theas inniu.

Beidh an beirt ag lorg na suíocháin FPE (Feisirí Palaimint na hEorpa) nuair a thosaíonn votáil ar an 23ú Bealtaine.



Tá Brian Crowley mar FPE cheana féin; bhí sé tofa sa chéad áit ceithre uair roimhe seo sa Mumhan.

Tá Kieran Hartley ag iarraidh suíochán Liam Aylward a bhúchaint dá chéad uair ag lorg suíochán i bParlaimint na hEorpa. Tá sé lonnaithe i bPort Láirge.

Tá Liam Aylward ag éirí as taréis 40 bhliain i bpolatíocht, agus chaith sé dhá thearmaí i bParlaimint na hEorpa.

Smionagar Eitleán Mhalaeisia Faighte In Aice Le Vitneam

Tá smionagar (debris) faighte sa muir as cósta Vitneam ag siúd a bhí ag lorg an eitleán MH370 a chuaigh in easnamh inné.

Is é an chéad rudaí atá faighte ag na húdaráisí ó tosach an cuardú, a thosaigh nuair a chuaigh an eitleán Boeing 777 le 262 daoine ar bhórd in easnamh maidin Dé Sathairn.


Creidmheas: Flickr

Tá an smionagar lonnaithe 50 míle ar iartheas Oilean Tho Chu, atá é féin ar iartheas Vitneam, tír chumannach i oir-theas na hÁise. Bhfuair siad leo ola in aice leis an oileáin inné.

Mar is oíche é ann anois, ní bheidh siad in ann deimhniú gurbh é an eitleán go dtí maidin amárach.

Ciarraí 3-15 Tír Eoghain 0-09

Bhfuair Ciarraí bua mór ar Tír Eoghain inniu i gCill Áirne chun deis a thabhairt dóibh féin fanacht i Roinn 1.

Bhí an cluiche an-gearr sa chéad leath, le roinnt scóranna iontach ó tosaí Tír Eoghain agus Brian Ó Síocháin as ciceanna saora do Chiarraí. Bhí sé cómhscór agus cothrom ag leath-am; 0-8 an taobh.

Ciarraí agus Tír Eoghain ag imirt i gcoinne a chéile siar sna 2000í. Creidmheas: Flickr

Thánaig Tír Eoghain amach go láidir sa dara leath, agus chuaigh siad chun cinn le pointe luath sa dara leath. Ach b'inn é a scór deirneach sa cluiche. Chuaigh Ciarraí chun cinn taréis sinn le scór den scoth. Thánaig an cúl cinniúnach ar an 38ú nóiméad, nuair a thóg O'Donoghue deis álainn chun Ciarraí a chur chun cinn.

Bhfuair siad scata phointí ó O'Donoghue agus Ó Síocháin taréis sinn, agus bhí an lámh in uachtar acu ó sinn amach.Bhfuair sé a dara cheann ar 61 nóiméad le beagáinín ádh aige sa deis, agus bhfuair sé a triú cheann ar tí an feadaíl deirneach chun é féin a fhágaint le 3-3, agus bua tabhactach a thabhairt do lucht na Ríochta.


Ciarraí: B Kelly, P Murphy, M Griffin, S Enright, P Crowley, F Ftizgerald, M O Se, A Maher (0-01), D Moran, D Casey, B Sheehan (0-08, 7cs), D Walsh, BJ Keane (0-01), S O’Brien, J O’Donoghue (3-03, 0-2cs).

Fir Ionad: P Kilkenny do Enright K O’Leary (0-01) do Walsh, P Geaney (0-01) do Keane, D O’Sullivan do Casey, A O’Mahony do Crowley, J Buckley do Sheehan

Tyrone: N Morgan (0-02, 2cs), PJ Quinn, C Clarke, B Tierney, R McNamee, P Harte (0-02), R McNabb, C Cavanagh, S Cavanagh, E McKenna, R O’Neill (0-02, 2cs), S McGuigan, D McCurry (0-02), Mattie Donnelly, P McNeice.

Fir Ionad: C McGinley (0-01) do McNabb, Mark Donnelly do McNeice, N McKenna do McGuigan, C Grugan do E McKenna, A McCrory do Quinn


Reiteoir: R Ó hIcí (An Clár).

Torthaí Peile - Babhta 4 (Sraith Náisiúnta)

Roinn 1 
Corcaigh 2-18 Doire 3-14
Ciarraí 3-15 Tír Eoghain 0-09
An Iarmhí 3-09 Maigh Eo 2-17
Baile Átha Cliath 1-22 Cill Dara 1-12

Roinn 2
Dún na nGall 1-12 An Mhí 1-12
Gaillimh 1-12 An Dún 0-08
Muineachán 2-14 An Lú 0-12
Ard Mhaca 2-18 Laois 1-12

Creidmheas: Flickr

Roinn 3
An Cabhán 1-12 Sligeach 0-10
Fear Manach 4-10 Ros Comáin 3-17
Úibh Fháilí 1-10 Longfort 1-15
Luimneach 1-14 Loch Garman 1-13

Roinn 4 
Ceatharlach 3-15 Aontroim 2-17
Port Láirge 0-09 Londain 2-10
Cill Mhantáin 0-11 Liatroim 1-17
Tiobraid Árann 3-09 An Clár 0-14

Torthaí Iomáint - Babhta 3 (Sraith Náisiúnta)

Roinn 1A
Tiobraid Árann 0-20 An Clár 4-15
Cill Chainnigh 2-16 Gaillimh 1-16
Port Láirge 1-13 Baile Átha Cliath 1-10

Roinn 1B
Luimneach 1-14 Loch Garman 2-08
Corcaigh 1-24 Úibh Fháilí 1-18
Laois 2-21 Aontroim 0-21

Roinn 2A
An Iarmhí 2-15 Ciarraí 3-13
Londain 1-21 Cill Dara 0-18
Ceatharlach 2-20 Doire 0-12

Roinn 2B 
Cill Mhantáin 2-14 Ard Mhaca 0-15
An Dún 0-17 Maigh Eo 0-13
An Mhí 5-22 Fine Gall 1-07

Creidmheas: Flickr
Roinn 3A
Muineachán 0-15 An Lú 1-11
Ros Comáin 3-11 Dún na nGall 0-15
Longfort 0-13 Fear Manach 2-08
Roinn 3B
Tír Eoghain 0-13 Liatroim 1-07
Sligeach 2-05 Warwickshire 0-12

Deis Go gCas Eitleáin Mhalaeisia Ar Ais

Deirtear go bhfuil deis go gcas an eitleáin MH370 ar ais, deireann oifigí ón Mhalaieisia.

Tá an eitleáin "Eitleáin Mhaelaeisia" ar easnamh breis is lá iomlán anois. Deireann lucht aerfort agus na bpóilíni i gKuala Lumpur go raibh beirt ar an eitleáin le peasaí breaga freisin. Bhíodar ag úsáid peasanna Iodálach agus Ostarach. Tá eagla orthu gurbh iad siúd a bhí páirteach san easnaimh.

Creidmheas: Flickr

Tá breis is naoi dtíortha bainteach leis an gcúardú don eitleáin anois, le 40 longaí agus 34 eitleáin bainteach leis. Bhfuaireadar leo ola inné, ach níl aon rud cinniúnach faighte acu go dtí seo.

Tá "Eitleáin Mhaelaeisia" ceann de na comhlachtaí taisteal is mó san Áis, le 37,000 paisinéirí gach uile lá acu, agus le eitealtaí chuig 80 áiteanna éagsúla ar fud na cruinne.

Baile Átha Cliath 1-22 Cill Dara 1-12

Bhí Baile Átha Cliath i bhfad ró-mhaith d'imreoirí Cill Dara ag Páirc an Chrócaigh aréir, le bua easca faoi sholais.

Bhí Kevin MacManamon mar an príomhtosaí, le 0-8 le linn an cluiche.

Thosaigh Baile Átha Cliath go tapaidh, agus bhí siad 1-9 go 0-5 suas taréis leath-uair, an cúl faighte ag Paddy Andrews.


Thánaig Cill Dara ar ais roimh leath-am le cúl ó fear nua Darroch Mulhall. Bhí sé 1-10 go 1-6 i bhfábhar muintir na gcathrach ag leath-am.

Bhí Baile Átha Cliath láidir agus i gceannais sa dara leath, agus cur Cill Dara a lán deiseanna amú, go háirithe dhá deiseanna cúl a fháil lastigh de dhá nóimead ag tús an leath.


BAILE ÁTHA CLIATH: S Cluxton (0-02, 0-01 45, 0-01cs), M Fitzsimons, S George, P McMahon, J McCaffrey, J Cooper (0-02), J McCarthy, C O'Sullivan (0-02), MD Macauley, C Reddin, C Kilkenny, B Cullen (0-01), K McManamon (0-08, 0-04cs), P Andrews (1-02), E O'Gara (0-02).

Fir Ionad: Davy Byrne (0-01) do Kilkenny, A Brogan do Reddin l/a, David Byrne (0-01), S Carthy do Cullen, D Daly do Cooper, T Brady (0-01) do O'Sullivan 60.

CILL DARA: S Connolly, M Foley, M O'Grady, H McGrillen, K Cribbin, P Cribbin (0-01), K Murnaghan, T Moolick, G Whyte, S Hurley, E O'Flaherty (0-02, 0-01cs), C McNally, P Brophy (0-01), T O'Connor, D Mulhall (1-06, 0-03cs).

Fir Ionad: F Conway do McGrillen, P O'Neill do Whyte, D Hyland do Foley (carta dubh), P Fogarty (0-01) do K Cribbin, M Conway (0-01) do McNally 57, S Campbell do Hyland (carta dubh).


Reiteoir: Marty Duffy (Sligeach).

08/03/2014

Éire 46-7 An Iodáil

Bhfuair Éire an bua inniu sa Staid Aviva, le scór mór i gcoinne na hIodálaigh chun iad a fhágaint fós ar bárr an dtábla sa 6 Náisiúin

Bhí tús maith ag Éire, le úd luath ó Jonathon Sexton, taréis cas deas ó Brian Ó Drisceoil, a bhí ag imirt a 140ú cluiche teist inniu, curraíoracht domhanda don spóirt. Bhfuair an Iodáil úd tobann taréis 25 nóiméad ag Paul Derbyshire, taréis botúin ó Rob agus Dave Kearney; chuaigh greamú Rob amú, agus thit Dave Kearney. Bhí an scór 7-7 ag an stad sinn.

Creidmheas: C01m (Flickr)

Chuaigh Éire ar ais i gceannais le cic ealaithe ó Jonathon Sexton ar 32 nóiméad, taréis Heaslip a bheith comaidthe suas ar an líne, chun na hÉireannigh a chur 10-7 chun cinn. Thánaig na hIodálaigh ar ais, ach bhí sé Éire a bhfuair an úd roimh an bhriseadh le úd ar 38 nóiméad as Andriú Trimble, agus d'fhág slánú iontach ó Sexton dár gcionn an scór ag 17-7 ag leath-am.

Sa dara leath, thóg sé nachmór 15 nóiméad chun úd eile a fháil ó Cian Healy, ach taréis sinn, bhfuair Sexton, Cronin, McFadden agus Jack McGrath údanna chun scór mór a chuir thuas, agus bua ollmhór a thabhairt d'fhoireann na hÉireann.

Thugtar "imreoir an cluiche" go dtí Brian O'Driscoll, taréis trí casanna cinniúnach a dhéanamh sa cluiche.


Éire: 15 Rob Kearney (Laighin), 14 Andrew Trimble (Uladh), 13 Brian O'Driscoll (Laighin), 12 Gordon D'Arcy (Laighin), 11 Dave Kearney (Laighin), 10 Jonathan Sexton (Racing Metro), 9 Conor Murray (Mumhan), 1 Cian Healy (Laighin), 2 Rory Best (Uladh), 3 Mike Ross (Laighin), 4 Devin Toner (Laighin), 5 Paul O'Connell (Mumhan), 6 Iain Henderson (Uladh), 7 Chris Henry (Uladh), 8 Jamie Heaslip (Laighin).  

Fir Ionad: 16 Sean Cronin (Laighin), 17 Jack McGrath (Laighin), 18 Martin Moore (Laighin), 19 Rhys Ruddock, 20 Jordi Murphy (Laighin), 21 Eoin Reddan (Laighin), 22 Paddy Jackson (Uladh), 23 Fergus McFadden (Laighin).  

An Iodáil: 15 Luke McLean, 14 Angelo Esposito, 13 Michele Campagnaro, 12 Gonzalo Garcia, 11 Leonardo Sarto, 10 Luciano Orquera, 9 Tito Tebaldi, 1 Alberto De Marchi, 2 Leonardo Ghiraldini, 3 Martin Castrogiovanni, 4 Quintin Geldenhuys, 5 Marco Bortolami, 6 Joshua Furno, 7 Paul Derbyshire, 8 Robert Barbieri.  

Fir Ionad: 16 Davide Giazzon, 17 Michele Rizzo, 18 Lorenzo Cittadini, 19 Antonio Pavanello, 20 Manoa Vosawai, 21 Edoardo Gori, 22 Tommaso Allan, 23 Andrea Masi.

06/03/2014

Beartaí Polatiúil Ón Aontas Eorpach Don Rúis

Tá an Aontas Eorpach (AE) taréis beartaí polatiúil a shocrú don Rúis toisc an géarchéim san Úcráin.

Tá caintí eacnamaíochta agus víosa cuirte ar ceal, agus roinnt beartaí eacnamaíochta freisin dírithe i gcoinne an Rúis.

Creidmheas: Adam Lang (Flickr)

Thánaig an cinne taréis cinne 6 uair ag cruinniú mullaig éigeandála sa Bhruiséal.

Tá Ambasadóir na Rúise anseo Maxim Peshkov taréis a rá inniu freisin go mbeidh smachtbhannaí ag teacht ó muintir na Rúise don Eoraip má cuirtear i bhfeidhm iad don Rúis.

Athrú Amháin ar Fhoireann Rugbaí na hÉireann

Tá ach athrú amháin déanta ag Joe Schmidt don cluiche i gcoinne an Iodáil

Tá Iain Henderson an fear leis an ádh; é istigh in áit Peter O'Mahony, atá amach le téannán na hioscaide gortaithe aige.

 Creidmheas: sanna82 (Flickr)

Beidh Jonathon Sexton ag imirt; tá sé taréis an gortú ordóg a leighsiú is cosúil; an fáth a dúirt a chlub Racing Metro nach mbeadh sé in ann imirt.

Bainfidh Brian O'Driscoll curiarracht domhanda nua; beidh sé an céad imreoir chun 140 chuichí idirnáisiúnta "teist" a imirt ríomh, ceann níos mó ná George Gregan as an Astráil.


Ireland (v Italy): R Kearney, A Trimble, B O’Driscoll, G D’Arcy, D Kearney; J Sexton, C Murray: C Healy, R Best, M Ross; D Toner, P O’Connell (Capt.), I Henderson, C Henry, J Heaslip. 

Fir Ionad: S Cronin, J McGrath, M Moore, R Ruddock, J Murphy, E Reddan, P Jackson, F McFadden.

04/03/2014

Tacaíocht Uile Sa Dáil Dul i nGleic Lenár Fhadhb Alcóil

Beidh praghas, soláthar, agus urraíocht mar na príomh-nithe a bheidh TDí ag díriú isteach air i ngrúpa nua ilpháirtí Oireachtas a bhí láinseáilte inniu.

Tá "Alcohol Action Ireland" (Gníomheach Faoi Alcól in Éireann) ag cabhrú leis an ngrúpa de Teachtaí Dalaí ó Fianna Fáil, Fine Gael, An Lucht Oibre, Sinn Féin, agus an lucht Neamhspeach.

Creidmheas: Flickr

Beidh an grúpa ag iarradh tionchar a dhéanamh ar an biolla "Sláinte Póiblí - Alcól"; a bheidh ag iarraidh a thuilleadh cosc a chuir ar díol agus margaíocht alcól.

Dúirt Jed Nash TD as an Lucht Oibre go cailleann an Stáit €3.7 billiúin agus muid ag íoc as fadhbanna bainte le alcól. Tá €1 billiúin de sin caite sa Seirbhís Sláinte é féin.

03/03/2014

Na hOscars - Na Buateoirí Móra

Seo hiad na buateoirí móra ó an 86ú Gradam Acadamh aréir.


Scannán is Fearr - 12 Years A Slave (12 Bhliain Mar Sclabhaí)

Stiúrthóir is Fearr - Alfonso Cuaron [Gravity] (Domhantarraingt)

Aisteoir is Fearr (Fir) - Matthew McConaughey [Dallas Buyers Club](Club Ceannathóirí Dallas)

Aisteoir is Fearr (Mná) - Cáit Blanchett [Blue Jasmine](Seasmáin Gorm)

Aisteoir Tacaíochta is Fearr (Fir) - Jared Leto [Dallas Buyers Club](Club Ceannathóirí Dallas)

Aisteoir Tacaíochta is Fearr (Mná) - Lupita Nyong'o [12 Years A Slave] (12 Bhliain Mar Sclabhaí)

Jared Leto mar Rayon (ar clé) agus Matthew McConaughey mar Ron Woodroff (ar dheis) i "Club Ceannathóirí Dallas". Bhuaigh an beirt acu an dhá mórghradam aisteoireacht d'fhir aréir.
Creidmheas: IgniteNews

Scriopt Scannáin Úr-Nua is Fearr - Spike Jonze [Her] (Í)

Scriopt Scannáin Aitrithe is Fearr - John Ridley [12 Years A Slave] (12 Bhliain Mar Sclabhaí)

Scannán Beoite is Fearr - Frozen (Reoite)

Scannán "Teanga Iasachta" is Fearr - An Áilleacht Mór (The Great Beauty)

Scór Ceoil is Fearr - Steven Price [Gravity] (Domhantarraingt)

Amhrán is Fearr - "Let it Go" (Scaoil É) le Pharrell Williams ó Frozen (Reoite)

Smideadh is Fearr - Adruitha Lee agus Robin Matthews [Dallas Buyers Club](Club Ceannathóirí Dallas)

Admhaigh Callely Speansais Bréaga A Thógaint

Tá iar-Aire Stáit Ivor Callely taréis adhmháil gur chuir sé isteach ar speansais bréaga dá fhón póca agus é mar Teachta Dála

Tá an tUasal Callely ag pléadáil ciontach ar a thrial sna Cúirte Coiriúla i mBaile Átha Cliath

Creidhmheas: Dogfael

Tá sé ciontach ar sé cúntas don coir, agus beidh píonóis tabhairte de ar an 22ú Iúil.

Beidh píonóis fíneál, agus/nó téarma priosúin 10 bhliain nó níos lú mar rogha ag an breitheamh.

02/03/2014

Ceannaire Cabhlach na hÚcráin Tréigthe

Tá ceannaire cabhlach na hÚcráine Denis Beryzovsky taréis athrú taobhanna chuig airm na Rúise agus "Poblacht Crimea".

Tagann an nuacht níos lú ná lá taréis é a bheith cuirte sa phost ag an Uachtarán nua Oleksandr Turchynov.

Na hAgóidí i gKiev i Mí Eanair

Tá an "Poblacht" nua tagtha taréis a rá go bhfuil siad ag fágaint an Úcráín. Thánaig airm na Rúise istigh i gCrimea ar an Aoine, dhá lá ó shin, agus tá pairliament na Rúise taréis cead a thabhairt do Putin dul isteach san Úcráin le airm na Rúise.

In Éire inniu, rinne "Lucht na hÚcráin i bPoblacht na Éireann" agóid lasmuigh d'Ambasáid na Rúise i Ráth Garbh, Baile Átha Cliath. Glac breis is 200 daoine páirt san agóid.

200 Lá Fágtha Roimh Reifreann na hAlbain

Ar an 18ú Mean Fomhair 2014, beidh cinne stairiúil ag muintir Albain an Ríocht Aontaithe a fhágaint, agus a bheith mar tír neamhspleach.

Tá an lá sinn ag tárlu i 200 lá inniu, agus an lámh in uachtar ag ag campa "Níl",

Creidmheas: James Stringer

Tá an beirt taobh taréis éirí níos fían le cúpla míosa anuas, agus iad ag troid faoi cad atá in ann d'Albain neamhspleach má fhágann siad.

Bhí Albain neamhspeach ó lár an 14ú aois (timpeall 1354) go 1707 in ainm, nuair a nascaidh an Acht Aontas Sasana, Albain, agus an Bhreatain Beag mar tír amháin, ach bhí siad nascaithe do céad roimhe sinn mar bhí na Stiúirtaigh i gceannais ar an beirt tír ó 1603.

CLG - Roinn 1 Peil (Taréis 3 Babhtaí)

Roinn 1 

Áit   Foireann               B   C   C      S         G               Ptí 
1     Corcaigh                3    0   0     1-51    1-40             6 
2     Doire                        2    1   0     4-47    2-38             5 
3     Tír Eoghain            2    1   0     7-43    2-52             5 
4     Baile Átha Cliath   2    0   1     2-40    3-34             4 
5     Maigh Eo                1    0   2     4-49     5-47            2 
6     Cill Dara                 1    0   2     4-52     5-50            2 
7     Ciarraí                     0    0   3     2-37     4-39           0 
8     An Iarmhí                0    0   3     1-29     3-48           0




CLG - Torthaí: Iomáint agus Camógaíocht

Iomáint: 


Roinn 2A: 
Doire 1-13 Londain 0-10.

Roinn 3A:


Fear Manach 5-13 An Lú 2-12.
Roinn 3B:
Warwickshire 1-15 Tír Eoghain 4-13.

Creidmheas: Neal Byrne (Flickr)
Camógaíocht:


AIB Craobh Sinsir Club:

Áth an Mhuillean 0-6 Ard Raithin 0-5
AIB Craobh Idirmheanach Club

Lios Mór 0-9 Baile hÉil 1-6

CLG - Torthaí Babhta 3 don Sraith Peile: 1ú/2ú Márta 2014

Roinn 1: 
Cill Dara 1-21 Tír Eoghain 3-16. 
Maigh Eo 2-15 Ciarraí 1-13. 
Doire 3-16 Iarmhaí 0-12.

Dublin 0-18 Cork 1-17 (Dé Sathairn). 
Roinn 2: 
Dún na nGall 2-11 Muineacháin 0-10. 
An Mhí 2-10 Ard Mhaca 0-19 (Dé Sathairn). 
Laois 1-20 Gailleamh 0-08 (Dé Sathairn). 
An Dún 4-16 An Lú 0-09 (Dé Sathairn). 

Creidmheas: runa.pabna51
Roinn 3: 
Ros Comáin 1-21 Luimneach 0-13. 
Loch Garman 0-06 An Cabhán 0-13. 
Longfort 1-15 Fear Manach 2-11. 
Sligeach 0-18 Úibh Fháilí 1-12. 

Roinn 4
An Clár 2-13 Cill Mhantáin 1-08
Londain 1-07 Tiobraid Árann 1-19
Aontroim 1-17 Port Láirge 0-06
Liatroim 1-17 Ceatharlach 1-08

Beidh NAMA Críochnaithe Roimh 2020, Dár Le Frank Daly

Deireann cathairleach NAMA Frank Daly go mbeidh an gcomhlacht ollmhór críochnaithe a chuid oibre roimh 2020.

Beidh siad ag lorg €3 billiúin ar ais i fhiachas sinsir lastigh de dhá seachtain, agus beidh €250 milliúin de réadmhaoin ar dhíol gach ceathrú.

Creidmheas: William Cosgrave

Beidh leath d'fhiachas sinsir íochta ar ais roimh deireadh na mbliaina, agus deir an t-Uasal Daly go mbeidh siad ag díol níos mó agus an suim in Éire ó infheisteoirí ag méadú.

Bhunaigh an Rialtas NAMA i 2009 chun fhíachaí na bainc a bhainistiú agus a cheannach.

01/03/2014

Baile Átha Cliath 0-18 Corcaigh 1-17

Bhí Colm Ó Néill mar an laoch anocht sa deireadh i bPáirc an Chrócaigh, le dhá phointe cinniúnach chun an bua a thabhairt do Corcaigh sa Sraith Náisiúnta Peile.
Cuireann an bua Corcaigh ar bárr Roinn 1, le 6 phointe as 6.
Creidmheas: brookedave
D'aimsigh Daniel Goulding seacht phointí ó ciceanna saora, agus bhfuair John Hayes an cúl tabhachtach, i oíche mhaith dóibh
Níl cúrsaí ró-dhona do Baile Átha Cliath; is é seo an chéad cluiche atá caillte aige i mbliana. Beidh Paul Flynn agus na Brogans fós le teacht ar ais dóibh roimh an samhradh dár nóigh.
Corcaigh: K O'Halloran, C Dorman, E Cadogan, N Galvin, J Loughrey, A Cronin, T Clancy, A Walsh, F Goold (0-01), J O'Rourke, P Kerrigan (0-01), M Collins, D Goulding (0-07, 7cs), B Hurley (0-01), J Hayes (1-03).
Fir Ionad: D Og Hodnett (0-02) do Galvin, C O'Neill (0-02) do Hayes, R Deane do Walsh, A O'Sullivan do Goold, C O'Driscoll do Hurley, K O'Driscoll do Loughrey.
BÁC: S Cluxton (0-03, 3cs), S George, P McMahon, M Fitzsimons, E Lowndes, C O'Sullivan, J Cooper, J McCarthy (0-01), MD Macauley, D Byrne, C Reddin (0-02), B Cullen, K McManamon (0-03), C Kilkenny (0-03, 1cs), C Costello (0-04, 1cs).
Fir Ionad: D Nelson do Lowndes, E O'Gara do Byrne, P Hudson (0-01)do  Costello, S Carthy (0-01) do Reddin.

Pobalbhreith: Tacaíocht do Sinn Féin Suas 6%

Tá Sinn Féin taréis ardú 6% a fháil sna phobalbhreith, da réir Millward Brown.

Tá na bpáirtí rialtais faoi strus, le Fine Gael fós chun cinn ar 27%, ach le laghdú 3%.

Thit an Lucht Oibre arís - síos 4% go dtí 8%, agus iad ag fulaingt go gearr mar an dara pháirtí sa Rialtais.

Tá Fianna Fáil síos freisin - 5% síos ón bpobalbreith deirneach.



Rinneadar an pobalbhreith seo idir an 19ú agus an 28ú Feabhra, i measc an scannal GSOC agus an conspóid timpeall an Aire Dlí agus Cirt Alan Shatter.

Gilligan Gortaithe Go Dona i mBaile Átha Cliath

Bhí an díoltóir drugaí John Gilligan gorthaithe go dona anocht taréis ionsaí gunna air i gCluain Dolcáin anocht.

Deirtear go raibh sé sa leithreas nuair a thárla an ionsaí



Tá Gárdaí ag déileáil leis mar iarracht dúnmharú.

Chaith Gilligan 17 bhliain i bpriosúin roimhe seo dá bhárr drugaí a dhíol.

Tá sé san ospidéal faoi láthair, ach deirtear nach bhfuil sé i mbaol bás.