Dúirt an réalt ón nGaeltacht go mbeadh sé ag smaoineamh faoi má thánaig gortú Cooper roimh a dúirt sé go póiblí agus le bainisteoir Eamonn Fitzmaurice go raibh sé ag éirí as, ach go bhfuil sé sásta fanacht éirithe as anois.
Creidmheas: Flickr
Tá naonar as an cúig déag don fhoireann a thosaigh nuair a bhuaigh Ciarraí Craobh na hÉireann i Méan Fomhair 2009 taréis éirí as ó shin.
Tá Ciarraí iad fhéin sa 6ú áit as 8 i Roinn 1 don Sraith Peile, le trí cluichí caillte acu as ceathar, ach le bua mór an deireadh seachtain seo chughainn acu i gcoinne Tír Eoghain. Tá trí cluiche fághta acu chun a áit a choiméad i Roinn 1; ina measc cluiche mór i gcoinne a comharsain béaldorais Corcaigh.