Is trom an t-ualach an leisce.
Miniú Béarla: Laziness is a heavy load.
Cur Síos: Tá an cheann seo ag rá go dtógann sé níos mó iarracht a bheith leisciúil. Tá sé ag rá freisin nach fiú é.
Ní fhaigheann lámh iata ach dorn dúnta.
Miniú Béarla: A closed hand gets only a clenched fist.
Cur Síos: An teachtaireacht - bí oscailte agus deas le gach duine. Muna bhíonn, beidh siad mar an gcéanna leatsa
Galar fada níor inis ariamh bréag.
Miniú Béarla: A lasting disease never told a lie.
Cur Síos: Tá an cheann seo ag rá nach bréag iad rudaí a thárlaíonn dúinn sa tsaol - tá galar uafásach, ach ar a laghad, ní bheidh sé ag rá aon bréaga leat
D'fhir cogaidh comhaltar síocháin.
Miniú Béarla: Towards men of war vouch peace.
Cur Síos: Tá an cheann seo ag rá chun dul chuig na daoine atá ag cruthú fadhb más mion leat é a stopadh
Ná tabhair cúl ar comhairle do leasa.
Miniú Béarla: Don't turn your back on good advice.
Cur Síos: Tá an cheann seo saghas soléir, nach bhfuil?! Má thugtar comhairle maith duit, tá fáth gur thugadar é duit!