Creidmheas: An Mhúinteoir.ie
1. Is éasca caint ná coisíocht.
Miniú Béarla: Easier talking than doing.
Cur Síos: Deireann an seanfhocal seo go búnúsach go bhfuil sé i bhfad níos éasca a bheith ag caint faoi rud seachas a bheith ag déanamh é. Is saghas masla é dóibhsiúd a bhíonn tuairimí iontacha acu ó bhéil, ach nach bhfuil sásta rudaí a dhéanamh chun iad a chur i gcríoch.
2. Pós bean aniar agus pósfaidh tú thiar.
Míniú Béarla: Marry a woman from the west and you marry the west.
Cur Síos: Is saghas rabhadh é an cheann seo! Tá sé ag rá go mbíonn ort marachtáil le gach cinne a dhéanann tú; go háirithe cinne pósadh! Tá sé ag rá leat freisin go bhfuil an tsaol i bhfad níos casta uaireanta ná mar a cheapfadh, agus go bhfuil nithe eagsúla a thagann le roinnt cinní a dheanann tú nach bhfuil soléir agus tú a dhéanamh iad!
3. Ná biodh tús acharainn agat ná deireadh scéil.
Miniú Béarla: Don't start a quarrel or end a story.
Cur Síos: Dhá píosaí comhairle anseo. An fáth go bhfuil siad le chéile (measaim!) ná nach fiú an beirt acu. Níl aon gá "acharainn" nó troid a thosú, mar is cur amú ama iontach é. Tá an túdar ag rá freisin gur cur amú ama é freisin a bheith ag críochnú scéaltaí, mar mhaireann siad chomh fhada sinn. Go bunúsach, ná bac rudaí a dhéanamh atá ach ag cur amú ama a lán am!
4. Tús maith leath na hoibre.
Miniú Béarla: A good start is half the work
Cur Síos: Tá an ceann seo ag rá díreach go bhfuil tús maith an-thabhachtach i pé rud a mbíonn tú ag déanamh. Tá an cheann seo ag rá freisin gurbh é uaireanta an rud is deacaire faoi rud ná é a thosú!
5. I dtír na ndall, is rí fear na leathshúile.
Miniú Béarla: In the land of the blind, the one eyed man is king.
Cur Síos: Is saghas comhairle don saol é seo, ach tá cúpla brí le thógaint amach as. Ar an chéád dul síos, tá an seanfhocal ag rá go bhfuil ligeachtaí againn go léir; is iad buntáistí daoine, ní na ligeachtaí a dhéanann an difríocht sa tsaol. Tá sé ag rá freisin nach stopann ár ligeachtaí muid, agus is féidir linn rudaí iontacha a dhéanamh leo. Tá sé ag rá freisin go mbéidir nach bhfuil duine go hiontach ag rud éigean ar léibhéal ginearálta, ach is é an "easc mór" nuair atá sé sa bhaile. Mar shampla, d'fheadfadh leaid éigin a bheith uafásach ag sacar sa Príomhsraith, ach an imreoir is fearr riamh ina bhaile fhéin, mar ní fhaca siad éinne níos fearr.